AR THÓIR NA DTOIBREACHA BEANNAITHE I GCORCA DHUIBHNE

Ar Thóir na dToibreacha Beannaithe i gCorca Dhuibhne

In Search of the Holy Wells of Corca Dhuibhne

When all else fails you can always go to the well.

-Ann Sheehan

 

This is a photo ethnographic project which started on February 03, 2012.

It was facilitated by Siobhan Dempsey, with support from Michelle Anne Houlihan of the Kerry Educational and Training Board (formally called Kerry Educational Service, the VEC in Kerry)

 

“It is hoped that this course will encourage participants to take photographs of their community and in the process that a visual record of local events is developed.” -quote from the course materials.

Ar dtús thógamar grianghraif dos na toibreacha beannaithe. Bhí an pobal áitiúil ag taobhú linn agus ag tabhairt eolas dúinn. Dheinamar  agallamh ar video le sé dhuine dhéag dos na daoine atá ag mairaichaint taobh leis na toibreacha. Thógamar stills leis  dos na daoine. 

Bhí taispeántais againn don obair a bhí déanta againn I Scoil na Bráthair, Chríostaí an Daingean

Dheineamar ár dtobar beannaithe fhéinigh mar chuid don dtaispeántais agus chuir An t-Athair Pádraig Ó Fiannachta beannacht air. Domsa, agus don grúpa ar fad, ba turas iontach a bhí ann agus atá fós. Bhí cur amach agam ar thoibreacha beannaithe ó mo mhuintir féin, Baile Uí Thaidhg mar shampla. Bhí taithí agam bailiú le chéile agus dul go dtí an dtobar chun Aifreann nú dul ann im aonar nú le mo mháthair.  Ómós don Maighdean Mhuire  is mó a bhí ann, Bean Dia an nádúr cinnte a bhí ann leis.  Is spioradáltacht na mban go ciúin gan focal a bhí ag rith tríd an saol, a bhí 100% difriúil ón reiligiúin Caitliceach.  Bhí an tréith seo go láidir ag Mike (Micheál Ó Dubhshláine )leis. Nuair a tháinig sé chun maireachtant i gCorca Dhuibhne  thug sé faoi cleachtadh imeachtaí traidisiúnta Tobar Naomh Gobnait é féin agus bhí Scoil Dhún Chaoin páirteach go láidir ann, i dteannta pobal Dhún Chaoin ar fad.  Gan dabht nuair a phósamar bhí mise in éineacht leis de gnáth!

Tá seasca tobar beannaithe ar leithinis Corca Dhuibhne agus níos mó, agus is an suíomh ina bhfuil siad lonnaithe a shean liomsa go mór. Áiteanna iargúlta is mó atá ann.  Tírdhreach aoibhinn álainn go bhfuil lámh (láidir de gnáth) an cine daoine le braistint go séimh ann. Ag siúl isteach i suaimhneas  an nádúr a bheidh tú nuair a thugann tú turas ar an dtobar, go bhfuil an nádúr timpeall ort chun tú a chóiméad sábhála ar feadh tamaillín. Tá sé chomh siúl le dul isteach i séipéal chun coinnle a lasadh le do mháthair!

Tá gach aon tobar difriúil agus mar a gcéanna. Tá na paidreacha atá le rá gaolta lena chéile.  Tá na scéalta a bhaineann le gach tobar ceangailte leis an tobar ach tá na scéalta chéanna ar fáil mór thimpeall na cruinne. Tá  leigheas luaithe le tobar go minic agus téann daoine ann  don leigheas. Tugann daoine buidéal don uisce abhaile leo go minic. Tá an “round “ le déanamh leis.  Tá scéalta ag dul le chuid dos na toibreacha beannaithe a théann siar i bhfad níos faide ná Ré na Chríostaíochta.

Chuir Siobhán Dempsey ceist orm siombail a cruthaigh do gach tobar. An plan a bhí aici ná na siombail a úsáid sa foilsiúcháin a bhí le teacht amach againn don turas a bhí againn “ar thóir na Toibreacha Beannaithe  do Corca Duibhne.”

Thug mé faoin obair le fonn! Cruth mé 26 siombail. Danny Sheehy a chuir teidil agus Baile Fearainn le gach tobar, ina lámhscríbhneoireacht gaelach  agus bhain sé ard sásamh as an obair. Shínigh  sé an pictiúir taobh le mo síniú féin. Bhí an mbeirt againn bródúil as an toradh.

Togra Fótóeitneagrafach atá ann, ach thosaigh mé  ag tarraing uisce dhath dos na heilimintí a bhí deacair don ceamara.  Tharraing mé  greannán do scéal Tobar Uí Fhloinn, Muragrán, An Clochán. Níor thug éinne aon cabhair airgid dom ná aon cabhair eile ó thaobh an scannánaíocht dom.

An fáth go bhfuil moill orainn a chríoch a chuir leis an togra mar is ceart dúinn ná, ní féidir leis an grúpa aontú.  Na daoine a tá sásta dul ar aghaidh tháinig lag mhisneach orthu. Braithim go bhfuil dualgas orm, orainn toisc an méid caint agus eolas a thug muintir na táite dúinn rud éigin fiúntach a dhéanamh leis an t-eolas atá tugtha dúinn. Tá chuid mhaith dos na daoine a thug na h-agallamh dúinn imithe ar slí na fírinne anois.

-Áine Uí Dhubhshláine, 10/02/2022